Frásaí Úsáideacha i nGaeilge (Canúint Uladh)
Foghlaim frásaí praiticiúla i gcanúint Uladh ar féidir leat úsáid a bhaint astu i gcomhthéacsanna laethúla agus iontas a chur ar do chairde! Tá na físeáin seo oiriúnach do thosaitheoirí agus d’fhoghlaimeoirí ar bheagan Gaeilge.
Is ullmhúchán úsáideach é Frásaí Úsáideacha i nGaeilge (Canúint Uladh) dóibh siúd a bhfuil suim acu cúrsa Gaeilge do thosaitheoirí (A1) nó ag Bonnleibhéal 2 (A2) a dhéanamh le Gaelteanga, ar bhonn féinstaidéir nó trí fhreastal ar rang beo ar líne ar Zoom.
Conas an tsraith seo a úsáid
- Féach ar fhíseán amháin ag an am.
- Éist ar dtús, agus nuair a bheidh tú eolach ar na habairtí, déan iad a athrá gan an taifeadadh a stopadh. Cabhróidh sé seo leat tuiscint a fháil ar rithim agus ar fhuaimeanna na Gaeilge.
- Ná bíodh imní ort faoi gach rud a fhuaimniú i gceart – tiocfaidh sé sin le himeacht ama agus le cleahtadh.
- Is fearr thart ar 15 nóiméad sa lá a chaitheamh ag féachaint ar fhíseán amháin, seachas uair nó dhó a chaitheamh ag an am céanna ag iarraidh an t-ábhar a fhoghlaim.
An fáth a n-oibríonn sé
- Gaeilge dhúchasach, nádúrtha atá i gceist mar a labhraíonn cainteoirí líofa i nGaeltacht Dhún na nGall í.
- Tá deis agat a bheith ag labhairt agus ag athrá na teanga go gníomhach, seachas a bheith ag léamh na teanga amháin nó a bheith ag déanamh staidéar ar an ngramadach.
- Tá sé níos fusa cleachtadh rialta a dhéanamh le físeáin ghearra, fiú agus sceideal gnóthach agat.
- Cuidíonn an t-athrá le focail nua agus le patrúin abairtí fanacht i do chuimhne.
- Nuair a éisteann tú le cainteoirí dúchais, cabhraíonn sé sin le foghraíocht, le rithim agus le do thuiscint ar an nGaeilge labhartha.
- Éiríonnn tú níos muiníní go tapa nuair a fhaigheann tú máistreacht ar fhrásaí gearra, praiticiúla is féidir leat a úsáid láithreach.
- Tá sé níos fusa dul i ngleic le ceachtanna beaga spreagúla, rud a chothaíonn an staidéar rialta.
Noda do labhairt na Gaeilge
- De réir mar a éireoidh tú níos líofa, tosóidh tú ag tabhairt faoi deara patrúin a thiocfaidh chun cinn go minic, mar shampla ord focal ina bhfuil an briathar chun tosaigh, an chaoi a bhfreagraítear ceisteanna, athruithe tosaigh coitianta agus patrúin na n-aimsirí. De réir a chéile, mar sin, beidh na míniúcháin ghramadaí i bhfad níos soiléire duit.
- Botún a dhéanann go leor foghlaimeoirí ná iarracht a dhéanamh máistreacht a fháil ar ghramadach na Gaeilge sula mbíonn siad ábalta í a labhairt. Is minic a bhíonn cuma scanrúil ar rialacha gramadaí ar páipéar, ach is trí éisteacht leis an teanga agus í a úsáid arís agus arís eile a fhorbraítear líofacht den chuid is mó.
- Rud amháin nach mór cuimhneamh air maidir leis an nGaeilge: tá tábhacht ag baint le fuaimniú agus le rithim na teanga ón tús. Go minic, is féidir leat cumarsáid a dhéanamh agus gramadach lochtach agat, ach cothaíonn fuaimniú doiléir go leor deacrachtaí cumarsáide.
- Cur chuige ciallmhar don tosaitheoir ná:
- 70%: éisteacht + labhairt
- 20%: stór focal/frásaí
- 10%: gramadach
Le haghaidh tuilleadh leideanna faoi labhairt na Gaeilge, caith súil ar an mblag Ceisteanna Coitianta faoi Fhoghlaim na Gaeilge…
Foghlaim Gaeilge ar líne le Gaelteanga
Tógadh na habairtí atá le fáil in Frásaí Úsáideacha i nGaeilge (Canúint Uladh) ó chúrsaí féinstaidéir Ghaelteanga do Thosaitheoirí (A1) agus do Bhonnleibhéal 2 (A2). Más mian leat cur le do chuid Gaeilge agus a bheith i do chainteoir muiníneach sa teanga, cláraigh inniu do cheann dár gcúrsaí ag Leibhéal A1 nó ag Leibhéal A2.
Ceacht 1: Beannachtaí
Foghlaim frásaí praiticiúla i gcanúint Uladh ar féidir leat úsáid a bhaint astu i gcomhthéacsanna laethúla agus iontas a chur ar do chairde! Tá na físeáin seo oiriúnach do thosaitheoirí agus d’fhoghlaimeoirí ar bheagán Gaeilge.
Cad é mar atá tú?
Tá mé go maith. Agus tú féin?
Tá mé go breá.
Ceacht 2: A rá cé as tú
Foghlaim frásaí praiticiúla i gcanúint Uladh ar féidir leat úsáid a bhaint astu i gcomhthéacsanna laethúla agus iontas a chur ar do chairde! Tá na físeáin seo oiriúnach do thosaitheoirí agus d’fhoghlaimeoirí ar bheagán Gaeilge.
Cé as tú?
As Doire ó dhúchas mé …
… ach tá mé i mo chónaí i Londain anois.
Ceacht 3: Ainm duine a fháil amach
Foghlaim frásaí praiticiúla i gcanúint Uladh ar féidir leat úsáid a bhaint astu i gcomhthéacsanna laethúla agus iontas a chur ar do chairde! Tá na físeáin seo oiriúnach do thosaitheoirí agus d’fhoghlaimeoirí ar bheagán Gaeilge.
C’ainm atá ort?
Mise Dónall – c’ainm atá ortsa?
Tá sé go deas castáil leat.
Ceacht 4: Buíochas a ghabháil le duine
Foghlaim frásaí praiticiúla i gcanúint Uladh ar féidir leat úsáid a bhaint astu i gcomhthéacsanna laethúla agus iontas a chur ar do chairde! Tá na físeáin seo oiriúnach do thosaitheoirí agus d’fhoghlaimeoirí ar bheagán Gaeilge.
Maith thú.
Go raibh maith agat.
Go ndéana a mhaith duit.
Ceacht 5: Comhghairdeas a dhéanamh le duine
Foghlaim frásaí praiticiúla i gcanúint Uladh ar féidir leat úsáid a bhaint astu i gcomhthéacsanna laethúla agus iontas a chur ar do chairde! Tá na físeáin seo oiriúnach do thosaitheoirí agus d’fhoghlaimeoirí ar bheagán Gaeilge.
Comhghairdeachas leat.
Comhghairdeachas libh.
Bulaí fir!
Bulaí mná!
Ceacht 6: Mianna Breithlá
Foghlaim frásaí praiticiúla i gcanúint Uladh ar féidir leat úsáid a bhaint astu i gcomhthéacsanna laethúla agus iontas a chur ar do chairde! Tá na físeáin seo oiriúnach do thosaitheoirí agus d’fhoghlaimeoirí ar bheagán Gaeilge.
Lá breithe sona duit.
Tá súil agam go mbainfidh tú sult as an lá.
Tá súil agam go mbeidh lá ar dóigh agat.
Ceacht 7: Aon scéal?
Foghlaim frásaí praiticiúla i ndialacht Uladh ar féidir leat a úsáid i gcomhthéacsanna laethúla agus iontas a chur ar do chairde! Tá na físeáin seo oiriúnach do thosaitheoirí agus do dhaltaí ar leibhéal bunúsach.
An bhfuil scéal nuachta ar bith agat?
Maise, níl.
An bhfuil a dhath ag gabháil?
Maise, níl.
Ceacht 8: Ní fhaca mé le fada thú
Foghlaim frásaí praiticiúla i ndialacht Uladh ar féidir leat a úsáid i gcomhthéacsanna laethúla agus iontas a chur ar do chairde! Tá na físeáin seo oiriúnach do thosaitheoirí agus do dhaltaí ar leibhéal bunúsach.
Is fada an lá ó chonaic mé tú.
Ní fhaca mé le fada tú.
Ní fhaca mé le haois cait tú.
Ceacht 9: Ádh
Foghlaim frásaí praiticiúla i ndialacht Uladh ar féidir leat a úsáid i gcomhthéacsanna laethúla agus iontas a chur ar do chairde! Tá na físeáin seo oiriúnach do thosaitheoirí agus do dhaltaí ar leibhéal bunúsach.
Bhí an t-ádh ort.
Bhí an t-ádh dearg orm.
Ádh mór ort.
Go n-éirí go geal leat.
Ceacht 10: Slán a fhágáil
Foghlaim frásaí praiticiúla i ndialacht Uladh ar féidir leat a úsáid i gcomhthéacsanna laethúla agus iontas a chur ar do chairde! Tá na físeáin seo oiriúnach do thosaitheoirí agus do dhaltaí ar leibhéal bunúsach.
Ádh mór. Chífidh mé amárach tú.
Oíche mhaith – beidh mé ag caint leat gan mhoill.
Slán leat.
Slán agat.
