Téarmaí & Coinníollacha

Ginearálta

Is le Gaelteanga an suíomh gréasáin seo agus is iad a fheidhmíonn é; tá seoladh cláraithe Ghaelteanga ag Ard Halla Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath 18, D18 W9A2.

Trí úsáid a bhaint as ár suíomh gréasáin, lena n-áirítear rochtain trí ardáin dhigiteacha eile, dearbhaíonn tú go nglacann tú leis na Téarmaí Seirbhíse seo (“téarmaí”) mar théarmaí ceangailteacha ort, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha agus polasaithe breise a dtagraítear dóibh anseo agus/nó atá ar fáil trí hipearnasc, agus go n-aontaíonn tú cloí leo. Mura n-aontaíonn tú leis na téarmaí seo, ní mór duit gan úsáid a bhaint as ár suíomh gréasáin.

An chaoi a n-oibríonn Gaelteanga le Cliaint

Uaireanta Oibre

Is iad uaireanta oifige Ghaelteanga ná 9.00am–5.30pm, Luan go hAoine. D’fhéadfadh amanna eile a bheith i gceist le linn na seachtaine ag brath ar infhaighteacht agus ar ualach oibre Ghaelteanga.

Teagmháil a dhéanamh le Gaelteanga

Tuigeann Gaelteanga go n-úsáideann gach duine ardáin éagsúla agus go n-oibríonn siad uaireanta éagsúla. Féachfaidh fostaithe na cuideachta ar a cuntas ríomhphoist faoi dhó sa lá agus tabharfaidh siad freagra ar aon cheisteanna laistigh de 24/48 uair an chloig, idir an Luan agus an Aoine. Aon chomhfhreagras a gheofar trí ghuthán póca, na meáin shóisialta agus ardáin eile, tabharfar admháil go bhfuarthas é agus tabharfar freagra air laistigh de 24/48 uair an chloig.

Rúndacht

Is cuid bhunúsach dár seirbhísí go léir í an rúndacht agus beidh an caighdeán is airde slándála agus rúndachta i gceist ag Gaelteanga i gcónaí.

Stóráil Sonraí Pearsanta

Tuigeann Gaelteanga tábhacht na rúndachta, na trédhearcachta agus na príobháideachta. Ag deireadh an chonartha, coinnítear aon nótaí/foirmeacha a chomhlánaítear ar feadh seacht mbliana, agus scriostar iad ar an dáta sin. Má dhéanann cliant teagmháil le Gaelteanga arís laistigh den tréimhse ama seo, cuirtear tús arís leis an tréimhse seacht mbliana tar éis a dteagmhála deireanaí. Bíonn rochtain i gcónaí ag na cliaint ar a gcuid taifead agus is féidir leo cóipeanna díobh a iarraidh faoi Iarratas ar Rochtain Ábhair Sonraí. Tabhair faoi deara, le do thoil, gur cheart an t-iarratas seo a sheoladh chuig: in**@********ga.com

Am Taistil

Forchoimeádann Gaelteanga an ceart táille a ghearradh ar am taistil. Má tá na táillí seo le cur i bhfeidhm, pléifear agus deimhneofar é sin sula dtosóidh an teagmháil.

Ag obair le Cliaint

Oibríonn Gaelteanga le cliaint éagsúla ar líne, agus beidh téarmaí íocaíochta sonracha ag brath ar an gconradh a aontaítear le Gaelteanga. Cuirtear cúrsaí beo ar líne ar fáíl ar Zoom agus ní dhéantar iad a thaifeadadh. Ní cheadaítear do rannpháirtithe seatanna scáileáin ná taifeadtaí de sheisiúin a dhéanamh gan cead a fháil roimh ré. Tá aon chumarsáid nó caidreamh a chruthaítear idir cliaint lasmuigh den chúrsa neamhspleách ar Ghaelteanga agus níl an eagraíocht freagrach as seo. Ní mór do tháillí an chúrsa a bheith íoctha ina n-iomláine sula dtosóidh an cúrsa.

Polasaí Cealaithe

Seo a leanas polasaí cealaithe Ghaelteanga: tá cealuithe a dhéantar 2 sheachtain nó níos mó roimh dháta tosaithe an chúrsa incháilithe le haghaidh aisíocaíochta lúide éarlais nó táille riaracháin; tá cealuithe a dhéantar 7–14 lá roimh dháta tosaithe incháilithe le haghaidh aisíocaíocht pháirteach (de ghnáth thart ar 50–60%); agus ní bhíonn cealuithe a dhéantar níos lú ná 7 lá roimh thús an chúrsa incháilithe le haghaidh aisíocaíochta de ghnáth.

Nuair a bheidh tús curtha leis an gcúrsa, ní eiseofar aon aisíocaíochtaí, lena n-áirítear i gcás ranganna a cailleadh, teacht déanach nó tarraingt siar go luath.

Féadfar eisceachtaí a dhéanamh i gcúinsí áirithe, amhail cúiseanna leighis doiciméadaithe nó i gcás ina gcealaíonn an soláthraí an cúrsa, agus sa chás sin déanfar aisíocaíocht iomlán.

Déantar athbhreithniú agus láimhseáil ar gach iarratas cealaithe ar bhonn cás ar chás. Féadfar aistriú an chúrsa a chur i bhfeidhm i gcásanna áirithe.

Íocaíocht Táillí

Ag brath ar an gconradh atá agat le Gaelteanga, leagfar amach do sceideal íocaíochta agus d’fhéadfadh íocaíochtaí céimnithe a bheith i gceist. Athbhreithnigh an sceideal seo, le do thoil, sula n-aontaíonn tú leis an gconradh agus d’fhéadfadh pionóis agus/nó sos a bheith mar thoradh ar íocaíocht dhéanach táillí. Má tá íocaíochtaí dlite sula dtosaíonn na seisiúin, tá Gaelteanga ag súil go ndéanfar an íocaíocht iomlán 24 uair an chloig ar a laghad roimh an seisiún.

Polasaí Foirceanta

Ní féidir le Gaelteanga oibriú le cliant ach amháin má tá an caidreamh oscailte, trédhearcach agus cómhalartach. Má bhraitheann ceachtar páirtí go bhfuil an caidreamh idir an cliant agus Gaelteanga briste, tá an ceart ag Gaelteanga agus/nó an cliant tarraingt siar ón gconradh comhaontaithe. Déanfar gach iarracht na línte cumarsáide idir na páirtithe uile a athbhunú ach mura n-éiríonn leis seo agus má chomhaontaítear an teagmháil a fhoirceannadh, is é fógra 48 uair an chloig ó cheachtar páirtí an t-íosmhéid ama a theastaíonn chun an obair go léir atá gan íoc a chríochnú agus cuirfear sonraisc ar fáil chun an t-airgead go léir atá dlite ar do chuntas a chlúdach.

Creidmheas

II gcásanna áirithe, féadfaidh Gaelteanga téarmaí creidmheasa a shíneadh ach ní thugann siad aon ráthaíocht creidmheas a sholáthar d’aon chustaiméir. I gcás go dtairgtear saoráid chreidmheasa dóibh, agus mura ndéanann an Custaiméir aon íocaíocht laistigh de 31 lá ón uair a bheidh sí dlite, beidh Gaelteanga i dteideal ús a ghearradh ar ráta 8% in aghaidh na míosa ar na méideanna gan íoc.

Teagmháil le Cliaint

Féadfaidh Gaelteanga ríomhphost nó WhatsApp gnó a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh le cliaint. Tá teachtaireachtaí a scriostar ag Gaelteanga ar a gcuntas WhatsApp agus déanfar aon chumarsáid a roinntear ar an ngléas seo a bhaineann le comhad an chliaint a íoslódáil agus a stóráil ar do chomhad. Coinneofar an comhad seo ar feadh seacht mbliana tar éis na hidirghníomhaíochta deireanaí leis an gcliant.

Gearáin

Oibríonn Gaelteanga ar bhealach oscailte agus trédhearcach. Mura bhfuil an tseirbhís a cuireadh ar fáil sásúil, seol ríomhphost chugainn ag in**@********ga.com.

Úsáid na hIntleachta Saorga (AI) ar Shuíomh Gréasáin Ghaelteanga

Ní úsáideann Gaelteanga AI de chineál ar bith ar a suíomh gréasáin.

Neamh-Iomaíocht

Tá na hábhair oideachais a sholáthraíonn Gaelteanga (lena n-áirítear ábhar an tsuímh gréasáin go léir agus ábhar a sholáthraítear ag ceardlanna agus seimineáir) faoi rún. Ó am go ham, féadfaidh Gaelteanga samplaí d’obair atá cruthaithe acu nó do ghnólachtaí a bhfuil siad ag obair leo a úsáid chun pointí oideachais a léiriú. Aon iarracht a dhéanfaidh an Custaiméir dul isteach sna margaí ina bhfeidhmíonn Gaelteanga tar éis dó na hábhair oideachais sin a fháil, measfar gur dul i gcomórtas le Gaelteanga é.

Cosaint Maoine Intleachtúla

Tá gach ábhar a sholáthraíonn Gaelteanga (lena n-áirítear gach ábhar gréasáin agus ábhar a sholáthraítear ag ceardlanna agus seimineáir) faoi rún. Ó am go ham, féadfaidh Gaelteanga samplaí d’obair atá cruthaithe acu nó de ghnólachtaí a bhfuil siad ag obair leo a úsáid chun pointí oideachais a léiriú. Aon iarracht a dhéanfaidh an Custaiméir dul isteach sna margaí ina bhfeidhmíonn Gaelteanga tar éis dóibh na hábhair oideachais sin a fháil, measfar gur dul san iomaíocht le Gaelteanga é.

a) Is le Gaelteanga nó faoi rialú nó faoi cheadúnas Ghaelteanga atá na nithe seo a leanas: an téacs, na grafaicí, na comhéadain úsáideora, na comhéadain amhairc, na grianghraif, na trádmharcanna, na lógónna, na fuaimeanna, an ceol, an saothar ealaíne agus an cód ríomhaireachta go léir (dá ngairtear “ábhar” le chéile), lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta dóibh dearadh, struchtúr, roghnú, comhordú, léiriú, atá ar an suíomh gréasáin.

b) Ach amháin mar a fhoráiltear go sainráite sna Téarmaí seo, ní fhéadfar aon chuid den Suíomh ná aon ábhar a chóipeáil, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a uaslódáil, a phostáil, a thaispeáint go poiblí, a ionchódú, a aistriú, a tharchur ná a dháileadh ar aon bhealach (lena n-áirítear “scáthánú”) chuig aon ríomhaire, freastalaí, suíomh gréasáin nó meán eile le haghaidh foilsitheoireachta, dáilte nó d’aon fhiontar tráchtála, gan toiliú sainráite roimh ré i scríbhinn ó Ghaelteanga.

Cleamhnaithe

Níl aon naisc chleamhnaithe ag Gaelteanga ar a suíomh gréasáin. Má thagraíonn siad d’aon chuideachta nó soláthraí seirbhíse, is ar a n-úsáid phearsanta féin atá siad ag tagairt dó seo agus ní féidir glacadh leis mar mholadh ná cleamhnas leis an eagraíocht sin.

Comhairle Dlí

Forchoimeádann Gaelteanga an ceart dul i gcomhairle lena gcomhairleoirí dlí i ngach cás ina mbíonn orduithe cúirte ann maidir le rochtain ar thaifid phearsanta agus/nó i ngach iarratas eile ar fhaisnéis.

I gcás ina luaitear ainmneacha eile le linn na seisiún le Gaelteanga, forchoimeádann siad an ceart na hainmneacha sin a cheilt ar gach doiciméad comhroinnte.

Téarmaí & Coinníollacha Seirbhíse Ghaelteanga


Conradh Díolacháin

Nuair a ordaíonn tú seirbhísí uainn, beidh feidhm ag na téarmaí atá i bhfeidhm tráth d’ordaithe mar an conradh díolacháin idir tú féin agus sinne. Tagann an conradh díolacháin seo eadrainn i bhfeidhm nuair a eisímid sonrasc. Ní bheidh tú i d’úinéir iomlán ar an tseirbhís go dtí go bhfaighimid an íocaíocht iomlán uait.

Slánaíocht, Dliteanas, agus Teorainniú

Beidh feidhm ag téarmaí agus coinníollacha sainráite na dtéarmaí seo in ionad gach barántais, coinníll, téarma, ionadaíochta, ráitis, gealltanais agus oibleagáide, bíodh siad sainráite nó intuigthe de réir reachta, dlí coiteann, nóis, úsáide nó eile, agus tá siad uile eisiata a mhéid is féidir faoin dlí. A mhéid is dleathach é sin a dhéanamh, ní ghlacaimid le dliteanas d’aon chineál, lena n-áirítear dliteanas as faillí ná aon damáistí ar bith a eascraíonn as féachaint ar, úsáid nó feidhmiú an tsuímh gréasáin seo nó a bhfuil ann nó i ndáil leis sin.

Sa chás go ndéanann tú an struchtúr, an fhaisnéis, an t-ábhar nó aon chuid de a atáirgeadh, a thaispeáint, a tharchur, a dháileadh nó a shaothrú ar shlí eile, ar aon bhealach nach bhfuil údaraithe againn, nó má sháraíonn tú aon chearta maoine intleachtúla a bhaineann leis an struchtúr, leis an bhfaisnéis, leis na grianghraif, leis na priontaí nó leis an suíomh gréasáin seo, aontaíonn tú go neamhchoinníollach agus go neamh-inchúlghairthe sinn a shlánú agus sinn a choinneáil slánaithe ó aon chaillteanais, caiteachais, costais nó damáistí, lena n-áirítear táillí réasúnta dlíodóirí, a thabhaíonn tú féin nó daoine eile mar thoradh ar úsáid neamhúdaraithe an mhéid thuas agus/nó do shárú ar na téarmaí seo. Aontaíonn tú gan choinníoll agus go neamh-inchúlghairthe sinn a shlánú agus sinn a choinneáil slánaithe ó aon chaillteanas agus i gcoinne aon chaillteanais, costais, éilimh, dliteanais, damáistí, éileamh agus caiteachais a fhulaingímid nó a thabhaímid agus a eascraíonn as aon éileamh a dhéanann aon tríú páirtí inár gcoinne, cibé slí a eascraíonn as na téarmaí seo nó i ndáil leo; soláthar na seirbhísí agus/nó na n-earraí digiteacha de bhun na dtéarmaí; d’úsáid de na seirbhísí agus/nó na hearraí digiteacha; nó do chalaois nó do fhaillí.

Chun amhras a sheachaint, ní bheimid faoi dhliteanas ar bith duit, bíodh sé i gconradh, i dtort (lena n-áirítear faillí), i sárú dualgais reachtúil, nó ar shlí eile, a eascraíonn faoi na téarmaí seo nó i ndáil leo as aon chaillteanas brabús, dea-thoil, díolacháin, gnó, nó ioncaim; caillteanas nó éilliú sonraí, faisnéise nó bogearraí; caillteanas deis ghnó nó coigiltis réamh-mheasta; nó aon chaillteanas indíreach nó iarmhartach. Gan dochar do chlásail eile sna téarmaí seo, beidh ár ndliteanas iomlán a eascraíonn faoi na téarmaí seo nó i ndáil leo, cibé acu a eascraíonn sé i gconradh, i dtort (lena n-áirítear faillí) nó in aisíocaíocht, nó as sárú dualgais reachtúil nó i mífhaisnéis, nó ar shlí eile, teoranta i ngach imthosca don phraghas ceannaigh a íocadh as na seirbhísí ábhartha is ábhar d’éileamh.

Earráidí, Míchruinneas agus Easnaimh

Ó am go ham, d’fhéadfadh go mbeadh faisnéis ar ár suíomh gréasáin ina bhfuil earráidí clóghrafaíochta, míchruinneas nó easnaimh a d’fhéadfadh a bheith bainteach le tuairiscí táirgí, praghsáil, ardú céime, tairiscintí, muirir loingseoireachta táirgí, amanna idirthurais agus infhaighteacht. Forchoimeádaimid an ceart aon earráidí, míchruinneas nó easnaimh a cheartú, agus faisnéis a athrú nó a nuashonrú nó orduithe a chealú má tá aon fhaisnéis ar an suíomh gréasáin nó ar aon suíomh gréasáin gaolmhar míchruinn tráth ar bith gan fógra roimh ré (lena n-áirítear tar éis duit d’ordú a chur isteach). Ní ​​ghlacaimid aon oibleagáid faisnéis ar an suíomh gréasáin nó ar aon suíomh gréasáin gaolmhar a nuashonrú, a leasú ná a shoiléiriú, lena n-áirítear, gan teorainn, faisnéis phraghsála, ach amháin mar a cheanglaítear le dlí. Níor cheart aon dáta nuashonraithe nó athnuachana sonraithe a chuirtear i bhfeidhm ar an suíomh gréasáin nó ar aon suíomh gréasáin gaolmhar a ghlacadh mar léiriú ar an bhfaisnéis go léir ar an suíomh gréasáin nó ar aon suíomh gréasáin gaolmhar, a modhnaíodh nó a nuashonraíodh.

Díolacháin Seirbhísí

Mura tomhaltóir thú, dearbhaíonn tú go bhfuil údarás agat ceangal a chur ar aon eagraíocht a n-úsáideann tú ár suíomh thar a ceann chun seirbhísí a cheannach. Forchoimeádaimid an ceart, ach nílimid faoi oibleagáid, díolacháin ár seirbhísí a theorannú d’aon duine, réigiún geografach nó dlínse. Féadfaimid an ceart seo a fheidhmiú ar bhonn cás ar chás. Forchoimeádaimid an ceart chun cainníochtaí aon seirbhísí a chuirimid ar fáil a theorannú. Forchoimeádaimid an ceart chun aon seirbhís a scor tráth ar bith. De réir clásail eile atá sna téarmaí seo, ní thugaimid aon bharántas, ionadaíocht ná gealltanas sainráite ná intuigthe agus ní ghlacaimid aon fhreagracht maidir le cáilíocht, nádúr ná oiriúnacht na seirbhísí nó na n-earraí digiteacha. Ní thugaimid barántas go gcomhlíonfaidh cáilíocht aon seirbhísí, faisnéise ná ábhair eile a cheannaigh tú nó a fuair tú d’ionchais, ná go ndéanfar aon earráidí sna táirgí nó sna seirbhísí a cheartú, mura gceanglaítear mar a cheanglaítear le dlí. Eisiatar ó na téarmaí seo gach barántas, coinníoll agus téarma eile atá intuigthe le reacht nó le dlí coiteann, a mhéid is féidir le dlí. Féadfar gach cur síos ar tháirgí nó praghsáil táirgí a athrú tráth ar bith gan fógra, de réir ár lánrogha féin. Féadfar praghsanna ár seirbhísí a athrú gan fógra. Forchoimeádaimid an ceart tráth ar bith ár seirbhísí ar ár suíomh Gréasáin (nó aon chuid nó ábhar de) a mhodhnú nó a scor gan fógra tráth ar bith. Ní bheimid faoi dhliteanas duit féin ná d’aon tríú páirtí as aon mhodhnú, athrú praghais, fionraí ná scor den sórt sin.

Aisíocaíochtaí

Cloímid le dlíthe agus rialacháin na hÉireann agus an AE maidir le cibé acu is ceart nó nach ceart earraí a thabhairt ar ais. Déileálaimid le cásanna de réir mar a tharlaíonn siad ar bhonn aonair. Molaimid duit teagmháil a dhéanamh linn a luaithe is féidir tar éis an tseachadta má aimsíonn tú locht nó easnamh sna seirbhísí nó sna hearraí digiteacha. Léigh ár dtéarmaí maidir le cealú agus foirceannadh níos luaithe sa doiciméad seo le do thoil.

Ardáin na Meán Sóisialta

Tá cumarsáid, rannpháirtíocht agus gníomhartha a dhéantar trí ardáin meán sóisialta seachtracha a nglacaimid páirt iontu saincheaptha de réir na dtéarmaí chomh maith leis na beartais agus na fógraí cosanta sonraí agus príobháideachta atá i bhfeidhm le gach ardán meán sóisialta faoi seach. Moltar duit ardáin meán sóisialta a úsáid go ciallmhar agus cumarsáid a dhéanamh/idirghníomhú leo leis an gcúram agus an rabhadh cuí maidir le do phríobháideacht agus do shonraí pearsanta féin. Ní iarrfaimid faisnéis phearsanta ná íogair choíche trí ardáin meán sóisialta agus molaimid duit, nuair is mian leat sonraí íogaire a phlé, teagmháil a dhéanamh linn trí na príomhbhealaí cumarsáide amhail ar an teileafón nó trí ríomhphost.

Cosaint Sonraí, Príobháideacht agus Slándáil

Tá do chearta maidir le cosaint sonraí agus príobháideacht, lena n-áirítear slándáil i gcás sonraí, an-tábhachtach dúinn. Déileálaimid le sonraí pearsanta a fhaightear trí úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo mar shonraí príobháideacha agus táimid tiomanta do rochtain shlán a sholáthar duit ar ár seirbhís ar líne. Próiseálann an suíomh gréasáin seo faisnéis uait de réir ár Ráiteas Príobháideachais. Nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin, nuair a dhéanann tú fiosrúchán faoi sheirbhísí nó nuair a sheolann tú ríomhphoist chugainn, i measc gníomhartha eile, tuigeann tú go ndéanfar próiseáil sonraí ina dhiaidh sin mar atá mionsonraithe inár Ráiteas Príobháideachais.

Dlí Rialaithe agus Díospóidí

Tá an suíomh gréasáin seo á rialú agus á oibriú ó Phoblacht na hÉireann agus dá bhrí sin rialaítear é le dlí na hÉireann. I gcás aon díospóide d’aon chineál a eascraíonn idir na páirtithe maidir le haon ábhar dá bhforáiltear sa chomhaontú seo, nó a eascraíonn as, beidh feidhm ag dlí na hÉireann, agus beidh dlínse ag cúirteanna iomchuí Phoblacht na hÉireann.

Athrú ar na Téarmaí & Coinníollacha seo

Forchoimeádaimid an ceart athruithe a dhéanamh ar an suíomh gréasáin seo, ar na téarmaí seo agus ar an bhfaisnéis eile atá ar an suíomh gréasáin seo tráth ar bith agus gan fógra. Féach ar na téarmaí seo nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh gréasáin mar d’fhéadfadh siad athrú ó am go ham.

Inscarthacht

I gcás go gcinnfear aon fhoráil de na téarmaí seo a bheith neamhdhleathach, ar neamhní nó neamh-infhorfheidhmithe, beidh an fhoráil sin infhorfheidhmithe a mhéid is féidir a cheadaítear faoin dlí is infheidhme, agus measfar an chuid neamh-infhorfheidhmithe a bheith scartha ó na téarmaí seo, agus ní dhéanfaidh an cinneadh sin difear do bhailíocht ná d’infhorfheidhmitheacht aon fhorálacha eile atá fágtha.

Tarscaoileadh

Ní hionann mainneachtain orainn aon cheart nó foráil de na téarmaí seo a fheidhmiú nó a fhorfheidhmiú agus tarscaoileadh ar an gceart nó ar an bhforáil sin.

Comhaontú Iomlán

Is ionann na téarmaí seo agus aon bheartais nó rialacha oibriúcháin a phostálaimid ar an suíomh gréasáin seo nó i ndáil lenár suíomh gréasáin agus an comhaontú agus an tuiscint iomlán idir tú féin agus muid féin agus rialaíonn siad d’úsáid den suíomh gréasáin, ag glacadh ionad aon chomhaontuithe, cumarsáidí agus tograí roimhe seo nó comhaimseartha, bíodh siad ó bhéal nó i scríbhinn, idir tú féin agus muid féin (lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, aon leaganacha roimhe seo de na téarmaí seo). Ní ​​dhéanfar aon débhríochtaí i léirmhíniú na dtéarmaí seo a fhorléiriú in aghaidh an pháirtí a dhréachtaigh iad.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost a sheoladh chuig: in**@********ga.com.

Eolas teagmhála

Is chun críche úsáideoirí nó úsáideoirí ionchasacha teagmháil a dhéanamh linn faoi sheirbhísí a chuirtear ar fáil dóibh a fhoilsítear an fhaisnéis teagmhála atá ar fáil ar an suíomh gréasáin seo. Níor cheart a mheas go bhfuil an fhaisnéis seo curtha ar fáil go follasach don phobal chun críocha teagmhála margaíochta ginearálta.