Ar mhaith leat staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge i do chuid ama féin, neamhspleách ar mhúinteoir, agus ar do luas féin?
Bain triail, mar sin, as na cúrsaí féinstaidéir thar a bheith idirghníomhach agus spreagúil atá á dtairiscint ag Gaelteanga. Is é an aidhm atá leis na cúrsaí seo, atá grádaithe go cúramach, an teanga a dhéanamh sothuigthe agus taitneamhach don fhoghlaimeoir.
Cúrsaí Féinstaidéir

Cúrsaí Féinstaidéir
Mura bhfuil tú cinnte cén leibhéal ag a bhfuil tú, cliceáil anseo chun tabhairt faoinár dTriail Ghaeilge ar Líne – tá sé saor in aisce.

Bonnleibhéal 1/A1- Céim 1

Bonnleibhéal 1/A1- Céim 2

Bonnleibhéal 1/A1- Céim 3

Bonnleibhéal 2/A2 – Céim 1

Bonnleibhéal 2/A2 – Céim 2

Bonnleibhéal 2/A2- Céim 3
Bain triail as ár gcúrsa gairid móréilimh
An bhfuil tusa tar éis a bheith ag smaoineamh ar fheabhas a chur ar do chuid Gaeilge le fada ach nár éirigh leat é sin a dhéanamh? An bhfuil díomá ort nach bhfuil tú ach in ann an cúpla focal a d’fhoghlaim tú ar scoil a úsáid? Má tá, cén fáth nach mbainfeá triail as an dúshlán Couch to Comhrá in 6 Weeks de chuid Ghaelteanga – cuirfidh sé ar do chumas cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge taobh istigh d’achar gearr, gan an tolg a fhágáil!
Bonnleibhéal 1 / A1
- Dírithe orthu siúd nach bhfuil aon eolas acu ar an nGaeilge nó nach bhfuil ach cúpla focal agus frása acu.
- Níl sé oiriúnach d’aon duine a bhfuil cúrsa ag A1 déanta aige cheana féin nó a rinne staidéar ar an nGaeilge sa mheánscoil.
Bonnleibhéal 2 / A2
- Oiriúnach dóibh siúd a bhfuil cúrsa iomlán déanta acu ag leibhéal A1.
- Bíonn na foghlaimeoirí a dhéanann an cúrsa seo in ann nathanna cainte coitianta laethúla agus frásaí an- bhunúsach a thuiscint agus a úsáid.
- Bíonn siad ábalta iad féin agus daoine eile a chur in aithne agus is féidir leo ceisteanna a chur agus a fhreagairt faoi shonraí pearsanta, e.g., an áit a bhfuil cónaí ar dhuine, daoine a bhfuil aithne acu orthu agus rudaí atá ina seilbh.
- Bíonn siad ábalta comhrá simplí a bheith acu fad is a labhraíonn an duine eile go mall agus go soiléir agus go bhfuil sé/sí sásta cabhrú leo.
- I gcomhthéacs na hÉireann, is iondúil go n-oireann an leibhéal seo dóibh siúd a rinne an Ghaeilge ag an ngnathléibhéal san Ardteist.

