Ranganna Beo ar Líne

Foghlaim Gaeilge ar líne trí ranganna beo idirghníomhacha a mhúintear ar Zoom

Tá ár ranganna Gaeilge ar líne deartha d’fhoghlaimeoirí in Éirinn agus ar fud an domhain, agus tá grúpaí beaga i gceist, struchtúr an-chinnte ó thaobh leibhéal de agus béim láidir ar an nGaeilge labhartha.

Tá ranganna Gaeilge ar líne Ghaelteanga oiriúnach do dhaoine fásta ar mian leo Gaeilge a fhoghlaim ar líne ar bhonn struchtúrtha agus i dtimpeallacht ina dtugtar tacaíocht leanúnach d’fhoghlaimeoirí.

Mura bhfuil tú cinnte cén leibhéal ag a bhfuil tú, bain triail as ár dTriail Ghaeilge ar Líne.

Cuirfear tús le ranganna Théarma 2
an tseachtain dar tús 25 Eanáir 2027
(10 seachtaine, 20 uair)

€250 €180 (gach rang ginearálta)

Tá ár ranganna Gaeilge ar líne deartha d’fhoghlaimeoirí in Éirinn agus ar fud an domhain, agus tá grúpaí beaga i gceist, struchtúr cinnte ó thaobh leibhéal de agus béim láidir ar an nGaeilge labhartha.

Úsáideann Gaelteanga cur chuige nua-aimseartha foghlaimeoirlárnach agus bíonn ár gcuid ranganna spraíúil agus an- idirghníomhach.

Tá an bhéim inár dteagasc ar an nGaeilge labhartha agus múintear an ghramadach i gcomhthéacs de réir mar atá gá léi.

Ranganna Gaeilge ar Líne ar siúl gan mhoill

Cuirimid ar fáil cúrsaí Gaeilge spreagúla ar ardchaighdeán, a dhear Éamonn Ó Dónaill, d’fhoghlaimeoirí ar fud an domhain.
Roghnaigh do leibhéal agus glac páirt i gceann dár ranganna Gaeilge beo ar líne an t-earrach seo (féach thíos).

Mura bhfuil tú cinnte cén leibhéal cumais ag a bhfuil tú, tabhair faoinár dTriail Ghaeilge ar Líne anseo.

Bonnleibhéal/A1
Ón 25 Eanáir 2027

Féach siollabas

Live Class – Virtual Classroom
Bonnleibhéal/A2
Ón 25 Eanáir 2027

Féach siollabas

Live Class – Adult Students Learning Irish
Meánleibhéal 1/B1
Ón 26 Eanáir 2027

Féach siollabas

Meánleibhéal 2/B2
Ón 26 Eanáir 2027

Féach siollabas

Ardleibhéal 1/C1
Ón 28 Eanáir 2027

Féach siollabas

Ardleibhéal 2/C2
Ón 28 Eanáir 2027

Féach siollabas

Bunchúrsa Cruinnis Ghaelteanga/C1
Ón 27 Eanáir 2027

Féach siollabas

Cúrsa Cruinnis Ghaelteanga/C2
Ón 27 Eanáir 2027

Féach siollabas


01

Roghnaigh do leibhéal agus cuir do chúrsa in áirithe

02

Freastail ar rang dhá uair an chloig uair sa tseachtain ar Zoom

03

Déanfaimid tú a chlárú ar ár n-ardán ríomhfhoghlama

04

Bain úsáid as an ábhar ar líne le bheith ag cleachtadh idir na ranganna

Na nithe atá i gceist i gcás ár Ranganna Beo ar Líne

Na nithe atá i gceist i gcás ár Ranganna Beo ar Líne

  • Rang beo gach seachtain ar Zoom
  • Grúpaí beaga agus neart deiseanna labhartha
  • Cúrsaí do gach leibhéal, ó Thosaitheoirí (A1) go dtí an tArdleibhéal (C2)
  • Fáil ar acmhainní foghlama idirghníomhacha ar líne

Tá ár gcuid ranganna oiriúnach duitse, cé acu atá tú lonnaithe in Éirinn nó áit ar bith eile ar domhan.

Cé air a bhfuil na Ranganna Gaeilge seo dírithe?

  • Glantosaitheoirí ag dul i mbun fhoghlaim na Gaeilge den chéad uair
  • Daoine in Éirinn a rinne staidéar ar an teanga ar scoil ar mian leo caighdeán níos airde a bhaint amach
  • Mic léinn atá ag déanamh staidéar ar an nGaeilge sa choláiste
  • Foghlaimeoirí idirnáisiúnta ar spéis leo an Ghaeilge
  • Aon duine atá ag iarraidh a bheith níos muiníní agus iad ag labhairt na teanga

Téarmaí

Cuireann Gaelteanga ranganna ar fáil gach bliain thar thrí théarma: ó mhí Mheán Fómhair (Téarma 1), ó mhí Eanáir (Téarma 2) agus ó mhí na Bealtaine (Téarma 3).

Ár gcur chuige

• Úsáideann múinteoirí Ghaelteanga cur chuige spraíúil, foghlaimeoirlárnach ina gcuid teagaisc agus geallaimid gurb é an t-ábhar a úsáidimid an t-ábhar is fearr atá ar fáil ar líne.
• Tá an bhéim inár ranganna ar an nGaeilge labhartha agus múintear an ghramadach i gcomhthéacs de réir mar atá gá léi.
• Múintear an teanga ar bhealach soiléir sothuigthe agus baintear úsáid leanúnach as obair bheirte agus as gníomhaíochtaí grúpa chun deis a thabhairt do na foghlaimeoirí páirt a ghlacadh sna ranganna agus cleachtadh a dhéanamh ar a bhfuil múinte dóibh.
• Leanann ranganna Gaelteanga Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR), ó leibhéal A1 go leibhéal C2 (féach na leibhéil ar fad thuas).
•Ar chríochnú cúrsa dóibh, is féidir leis na foghlaimeoirí scrúdú cainte ar líne a dhéanamh agus teastas a fháil nó dul ar aghaidh go dtí an chéad téarma eile gan scrúdú a dhéanamh.

Ábhar na gcúrsaí

• Rang beo ar líne dhá uair an chloig gach seachtain ar feadh 10 seachtaine
• Leabhrán cúrsa ina bhfuil an t-ábhar ranga go léir
• Rochtain ar ábhar ar líne le haghaidh athbhreithnithe agus cleachtaidh idir ranganna
• Ábhar fuaime ar líne agus cleachtaí idirghníomhacha, spraíúla
• Tacaíocht iomlán le linn an chúrsa
• Teacht ar an ábhar go héasca ó aon ghléas

Leibhéil

  • Dírithe orthu siúd nach bhfuil aon eolas acu ar an nGaeilge nó nach bhfuil ach cúpla focal agus frása acu.
  • Níl sé oiriúnach d’aon duine a bhfuil cúrsaí ag A1 déanta aige cheana féin nó a rinne staidéar ar an nGaeilge sa mheánscoil.
  • Dírithe orthu siúd nach bhfuil aon eolas acu ar an nGaeilge nó nach bhfuil ach cúpla focal agus frása acu.
  • Oiriúnach dóibh siúd a bhfuil cúrsa iomlán déanta acu ag leibhéal A1.
  • Bíonn na foghlaimeoirí a dhéanann an cúrsa seo in ann nathanna cainte coitianta laethúla agus frásaí an- bhunúsach a thuiscint agus a úsáid.
  • Bíonn siad ábalta iad féin agus daoine eile a chur in aithne agus is féidir leo ceisteanna a chur agus a fhreagairt faoi shonraí pearsanta, e.g., an áit a bhfuil cónaí ar dhuine, daoine a bhfuil aithne acu orthu agus rudaí atá ina seilbh.
  • Bíonn siad ábalta comhrá simplí a bheith acu fad is a labhraíonn an duine eile go mall agus go soiléir agus go bhfuil sé/sí sásta cabhrú leo.
  • Tá an leibhéal seo dírithe orthu siúd a thuigeann abairtí agus nathanna cainte a úsáidtear go minic ag baint le réimsí a bhfuil siad eolach orthu, m.sh. eolas an- bhunúsach pearsanta agus teaghlaigh, tíreolaíocht áitiúil, fostaíocht.
  • Bíonn siad ábalta cumarsáid a dhéanamh agus gnáth-thascanna simplí á gcur i gcrích acu a éilíonn malartú faisnéise simplí agus díreach maidir le ghnáthchúrsaí coitianta.
  • Is féidir leo cur síos a dhéanamh i dtéarmaí simplí ar ghnéithe dá gcúlra, dá ngarthimpeallacht agus labhairt faoi na riachtanais atá acu láithreach.
  • I gcomhthéacs Éireannach, is iondúil go n-oireann an leibhéal seo dóibh siúd a rinne an Ghaeilge ag an ardleibhéal don Ardteist.
  • Oiriúnach dóibh siúd atá in ann na príomhphointí in ionchur soiléir caighdeánach a thuiscint maidir le cúrsaí coitianta a bhíonn i gceist go rialta san obair, ar scoil, i gcúrsaí fóillíochta, etc.
  • Bíonn na foghlaimeoirí seo ar a suaimhneas ag labhairt na Gaeilge agus úsáideann siad an teanga ó am go chéile – i gcomhthéacs sóisialta, mar shampla.
  • Is féidir leo déileáil leis an gcuid is mó de na topaicí a thagann chun cinn agus iad ag caint le cainteoirí dúchais.
  • Bíonn siad ábalta téacs simplí leanúnach a chur ar fáil ar thopaicí a bhfuil cur amach acu orthu nó a bhfuil spéis acu iontu.
  • Is féidir leo cur síos a dhéanamh ar eispéiris agus imeachtaí, ar bhrionglóidí, ar ábhair dhóchais agus ar uaillmhianta atá acu agus cúiseanna agus míniúcháin a thabhairt go hachomair i dtaca le tuairimí agus pleananna.
  • Tá na topaicí ag an leibhéal seo níos dúshlánaí ná na cinn atá i gceist ag meánleibhéal 1.
  • Dírithe orthu siúd atá in ann cumarsáid a dhéanamh chomh spontáineach agus chomh líofa sin gur féidir leo gnáthchomhrá a dhéanamh le cainteoirí dúchais go héasca gan iarracht mhór a bheith i gceist ar cheachtar den dá thaobh..
  • Is féidir leo labhairt faoi réimse leathan topaicí ar bhealach soiléir agus mionsonraithe, a seasamh ar cheist reatha a mhíniú agus buntáistí agus míbhuntáistí roghanna éagsúla a léiriú.
  • Bíonn deis ag na daoine a fhreastalaíonn ar rang ag an leibhéal seo cur lena stór focal agus lena réimse nathanna cainte.
  • Oiriúnach dóibh siúd atá in ann réimse leathan téacsanna fada dúshlánacha (idir labhartha agus scríofa) a thuiscint agus a thuigeann bríonna intuigthe.
  • Is féidir leo iad féin a chur in iúl gan smaoineamh agus go líofa gan a bheith orthu focail a chuardach go minic agus go feiceálach.
  • Is féidir leo an teanga a úsáid go héifeachtach agus go solúbtha ina saol sóisialta agus gairmiúil nó i gcúrsaí oiliúna agus staidéir.
  • Is féidir leo ráitis shoiléire, struchtúrtha agus mhionsonraithe a dhéanamh ar thopaicí casta.
  • Bíonn deis ag na daoine a fhreastalaíonn ar rang ag an leibhéal seo rialacha casta gramadaí a fhoghlaim agus cur go mór lena stór focal.