Leibhéil ár gCúrsaí Gaeilge

I ranganna Ghaelteanga, cloítear le Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR), ó leibhéal A1 go leibhéal C2.

Níl tú cinnte cén leibhéal ag a bhfuil tú? Cliceáil anseo chun tabhairt faoinár dTriail Ghaeilge ar Líne – tá sé saor in aisce.

Leibhéil ár gCúrsaí Gaeilge
  • Dírithe orthu siúd nach bhfuil aon eolas acu ar an nGaeilge nó nach bhfuil ach cúpla focal agus frása acu.
  • Níl sé oiriúnach d’aon duine a bhfuil cúrsa ag A1 déanta aige cheana féin nó a rinne staidéar ar an nGaeilge sa mheánscoil.
  • Oiriúnach dóibh siúd a bhfuil cúrsa iomlán déanta acu ag leibhéal A1.
  • Bíonn na foghlaimeoirí a dhéanann an cúrsa seo in ann nathanna cainte coitianta laethúla agus frásaí an- bhunúsach a thuiscint agus a úsáid.
  • Bíonn siad ábalta iad féin agus daoine eile a chur in aithne agus is féidir leo ceisteanna a chur agus a fhreagairt faoi shonraí pearsanta, e.g., an áit a bhfuil cónaí ar dhuine, daoine a bhfuil aithne acu orthu agus rudaí atá ina seilbh.
  • Bíonn siad ábalta comhrá simplí a bheith acu fad is a labhraíonn an duine eile go mall agus go soiléir agus go bhfuil sé/sí sásta cabhrú leo.
  • I gcomhthéacs na hÉireann, oireann an leibhéal seo de ghnáth dóibh siúd a rinne an Ghaeilge ag an ngnáthleibhéal san Ardteist.
  • Tá an leibhéal seo dírithe orthu siúd a thuigeann abairtí agus nathanna cainte a úsáidtear go minic ag baint le réimsí atá an-ábhartha dóibh, m.sh. eolas an- bhunúsach pearsanta agus teaghlaigh, tíreolaíocht áitiúil, fostaíocht.
  • Bíonn siad ábalta cumarsáid a dhéanamh agus gnáth-thascanna simplí á gcur i gcrích acu a éilíonn malartú faisnéise simplí agus dírí maidir le ghnáthchúrsaí coitianta.
  • Is féidir leo cur síos a dhéanamh i dtéarmaí simplí ar ghnéithe dá gcúlra, dá ngarthimpeallacht agus labhairt faoi na riachtanais atá acu láithreach.
  • I gcomhthéacs na hÉireann, oireann an leibhéal seo de ghnáth dóibh siúd a rinne an Ghaeilge ag an ardleibhéal san Ardteist.
  • Oiriúnach dóibh siúd atá in ann na príomhphointí in ionchur soiléir caighdeánach a thuiscint maidir le cúrsaí coitianta a bhíonn i gceist go rialta san obair, ar scoil, i gcúrsaí fóillíochta, etc.
  • Bíonn na foghlaimeoirí seo ar a suaimhneas ag labhairt na Gaeilge agus úsáideann siad an teanga ó am go chéile – i gcomhthéacs sóisialta, mar shampla.
  • Is féidir leo déileáil leis an gcuid is mó de na topaicí a thagann chun cinn agus iad ag caint le cainteoirí dúchais.
  • Bíonn siad ábalta téacs simplí leanúnach a chur ar fáil ar thopaicí a bhfuil cur amach acu orthu nó a bhfuil spéis acu iontu.
  • Is féidir leo cur síos a dhéanamh ar eispéiris agus imeachtaí, ar bhrionglóidí, ar ábhair dhóchais agus ar uaillmhianta atá acu agus cúiseanna agus míniúcháin a thabhairt go hachomair i dtaca le tuairimí agus pleananna.
  • Tá na topaicí ag an leibhéal seo níos dúshlánaí ná na cinn atá i gceist ag meánleibhéal 1.
  • Dírithe orthu siúd atá in ann cumarsáid a dhéanamh chomh spontáineach agus chomh líofa sin gur féidir leo gnáthchomhrá a dhéanamh le cainteoirí dúchais go héasca gan iarracht mhór a bheith i gceist ar cheachtar den dá thaobh.
  • Is féidir leo labhairt faoi réimse leathan topaicí ar bhealach soiléir agus mionsonraithe, a seasamh ar cheist reatha a mhíniú agus buntáistí agus míbhuntáistí roghanna éagsúla a léiriú.
  • Bíonn deis ag na daoine a fhreastalaíonn ar rang ag an leibhéal seo cur lena stór focal agus lena réimse nathanna cainte.
  • Tá níos mó béime ar an ngramadach agus ar an scríbhneoireacht ná mar atá sna cúrsaí ag an meánleibhéal.
  • Oiriúnach dóibh siúd atá in ann réimse leathan téacsanna fada dúshlánacha (idir labhartha agus scríofa) a thuiscint agus a thuigeann bríonna intuigthe.
  • Is féidir leo iad féin a chur in iúl gan smaoineamh agus go líofa gan a bheith orthu focail a chuardach go minic agus go feiceálach.
  • Is féidir leo an teanga a úsáid go héifeachtach agus go solúbtha ina saol sóisialta agus gairmiúil nó i gcúrsaí oiliúna agus staidéir.
  • Is féidir leo ráitis shoiléire, struchtúrtha agus mhionsonraithe a dhéanamh ar thopaicí casta.
  • Bíonn deis ag na daoine a fhreastalaíonn ar rang ag an leibhéal seo rialacha casta gramadaí a fhoghlaim agus cur go mór lena stór focal.

Tá Bunchúrsa Cruinnis Ghaelteanga (Leibhéal C1) dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge labhartha mhaith acu ach ar mian leo gramadach níos cruinne a bheith acu agus deis a fháil a gcuid scileanna scríofa a fhorbairt.

Beidh sé an-chabhrach dóibh siúd nach bhfuil ach tuiscint theoranta acu ar rialacha ghramadach na Gaeilge.

Tá an clár feiliúnach chomh maith dóibhsean a dteastaíonn uathu freastal ar Chúrsa Cruinnis Ghaelteanga amach anseo ach nach bhfuil an caighdeán cuí bainte amach acu go fóill.

Tá an Cúrsa Cruinnis (Leibhéal C2) dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge labhartha an-mhaith acu atá ag iarraidh gramadach níos cruinne a bheith acu agus tuiscint a fháil ar struchtúir chasta de chuid na teanga.

Sna ranganna, baintear úsáid as ábhar dílis – ailt as irisí agus nuachtáin, cuir i gcás – le cois réimse gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo cabhrú leis na foghlaimeoirí coincheapa nua a shealbhú go héifeachtach.

Dírítear go háirithe ar fhadhb an bhéarlachais agus ar chuid de na drochnósanna atá le fáil sa teanga anois.