Eolas Fúinn- GAELTEANGA

Ba iad Éamonn Ó Dónaill agus Qinmin Zhang a bhunaigh Gaelteanga i mí Aibreáin 2021. Is é Éamonn Stiúrthóir Oideachais an chomhlachta agus is í Qinmin Stiúrthóir Tráchtála Ghaelteanga.

Beathaisnéis

Áirítear Éamonn Ó Dónaill ar dhuine de na saineolaithe is cumasaí i réimse theagasc agus fhoghlaim na Gaeilge. Tá sé ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta ó 1981 ann agus baintear úsáid fhorleathan as a chuid leabhar d’fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí, in Éirinn agus thar lear. Is é a ghraiméar Gramadach gan Stró! an príomh- théacsleabhar a úsáidtear chun an Ghaeilge a mhúineadh i bhformhór na gcoláistí tríú leibhéal in Éirinn agus tá breis agus 30,000 cóip de díolta ó foilsíodh den chéad uair é in 2008.

Is as Gaeltacht Ghaoth Dobhair ó dhúchas d’Éamonn.

Slí bheatha

Chaith Éamonn sé bliana (1996-2002) ag obair mar Stiúrthóir ar an Teanglann i Roinn na Nua-Ghaeilge, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ina dhiaidh sin d’oibrigh sé mar chomhairleoir teanga.

Bhí Éamonn ina eagarthóir ar an iris ar líne Beo! ón uair a bunaíodh í in 2001 go dtí Meán Fómhair 2007. Bhí sé ina stiúrthóir freisin ar Sult Teoranta, an comhlacht a reáchtáil club Gaeilge, Sult, i lár chathair Bhaile Átha Cliath idir 1999 agus 2007. 

Bhí Éamonn ar choiste bunaithe Raidió na Life, an stáisiún pobail Gaeilge ar cuireadh tús leis i mBaile Átha Cliath in 1992, agus chaith sé roinnt blianta ag craoladh leis an stáisiún ar bhonn deonach.

Obair theilifíse agus foilseacháin

Bhí Éamonn ina chomhordaitheoir teanga ar dhá shraith theilifíse a bhí dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta: Turas Teanga, a craoladh ar RTÉ sa bhliain 2004, agus Now You’re Talking, a taispeánadh ar BBC agus RTÉ.

Scríobh sé na leabhair freisin a bhí ag gabháil leis an dá shraith sin.

Tá na leabhair seo a leanas d’fhoghlaimeoirí Gaeilge scríofa ag Éamonn: Gramadach gan Stró! (Gaelchultúr, 2008/2011/2013/2016); Gaeilge gan Stró! – Beginners Level (Gaelchultúr, 2011), Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level (Gaelchultúr, 2009) agus Irish Grammar You Really Need to Know: Teach Yourself (John Murray Press, 2014).

Obair le Gaelchultúr

Bhí Éamonn ar dhuine de bhunaitheoirí Ghaelchultúir in 2004 agus bhí baint lárnach aige le bunú Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir (CÉ/G), an chéad institiúid tríú leibhéal Gaeilge, in 2013.

D’fhág sé a phost mar Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir i mí an Mhárta 2021 ach tá sé tar éis leanúint ar aghaidh mar chathaoirleach ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, atá á thairiscint ag CÉ/G ó bhí Meán Fómhair 2013 ann.

Ár gCuid múinteoirí

Is gairmithe oilte a bhfuil taithí den scoth acu iad múinteoirí Ghaelteanga, a bhfuil tiomantas faoi leith acu don teanga agus don oideachas do dhaoine fásta. Is cainteoirí líofa iad – is ón nGaeltacht go leor acu – agus tá sárchumas acu sa Ghaeilge labhartha agus scríofa araon, chomh maith le tuiscint fhíormhaith ar shaibhreas agus ar éagsúlachtaí canúna.

Le cois an tsaineolais theangeolaíoch, tá tuiscint fhíormhaith acu ar an gcaoi a bhfoghlaimíonn daoine fásta teangacha agus éiríonn leo timpeallacht foghlama ar líne a chruthú atá mealltach agus a bhfuil struchtúr an-chinnte ag baint léi.Tá siad foighneach agus spreagúil mar mhúinteoirí, agus déanann siad a gcuid teagaisc a chur in oiriúint do riachtanais, spriocanna agus stíleanna foghlama gach foghlaimeora, is cuma cé acu tosaitheoirí nó foghlaimeoirí ardleibhéil iad.

Thar aon rud eile, tá ár gcuid múinteoirí tiomanta do chabhrú le foghlaimeoirí éirí níos muiníní iontu féin agus dul chun cinn ceart a dhéanamh, agus féachann siad i gcónaí le hiad a threorú i dtreo Gaeilge chruinn, nádúrtha, líofa ar bhealach spreagúil agus taitneamhach.

Bí ag Múineadh Linn!

Má tá céim sa Ghaeilge agat, ardchaighdeán sa teanga, idir labhartha agus scríofa, agus suim agat a bheith ag múineadh le Gaelteanga, seol do CV (i nGaeilge amháin) chuig eo***@********ga.com.

Teach with Gaelteanga

Cén fáth ar cheart duit cúrsa a dhéanamh linne?

De bhrí go bhfuil breis agus 40 bliain de thaithí againn, go n-úsáidimid modheolaíocht nua-aimseartha agus go bhfuil ár gcuid múinteoirí ar ardchaighdeán, is féidir linn cabhrú leatsa do chuid spriocanna foghlama Gaeilge a bhaint amach.

Tá na cúrsaí féinstaidéir atá á dtairiscint againn ar na cúrsaí teanga ginearálta is cuimsithí a cuireadh ar fáil ar líne d’fhoghlaimeoirí Gaeilge riamh. Tugann na cúrsaí seo deis duit staidéar a dhéanamh ar an teanga ar do luas féin agus i do chuid ama féin, is cuma cén áit ar domhan ina bhfuil tú.

Tá ár gcuid ranganna beo ar líne idirghníomhach agus foghlaimeoirlárnach, agus tá béim láidir iontu ar labhairt na teanga, ar obair bheirte agus ar ghníomhaíochtaí grúpa. Cinntíonn sé seo go mbíonn na foghlaimeoirí rannpháirteach agus gníomhach, rud a chabhraíonn leo cur lena muinín agus iad ag labhairt na Gaeilge.

Tá Éamonn Ó Dónaill i dtús cadhnaíochta maidir le hábhar teagaisc agus foghlama a fhorbairt d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge agus is é a d’fhorbair an t-ábhar go léir a úsáideann Gaelteanga. Tá Éamonn ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta ó bhí 1981 ann agus tá go leor leabhair mhór-ráchairte scríofa aige d’fhoghlaimeoirí.

Tá cur chuige teagaisc spreagúil, idirghníomhach agus suimiúil againn, rud a chuideoidh leatsa tosú ag labhairt na Gaeilge taobh istigh d’achar gearr.