A Taste of Irish in < 30 seconds!
Is sraith de 50 ceacht físe ar an nGaeilge é A Taste of Irish in < 30 seconds! atá dírithe ar thosaitheoirí nó orthu siúd nach bhfuil ach eolas teoranta acu ar an nGaeilge. Ní mhaireann gach físeán ach níos lú ná 30 soicind, rud a fhágann go bhfuil an fhoghlaim sciobtha agus éasca! Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois, leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Is ullmhúchán maith í an tsraith seo dóibh siúd a bhfuil suim acu cúrsa Gaeilge do thosaitheoirí (A1) nó ag Bonnleibhéal 2 a dhéanamh le Gaelteanga, ar bhonn féinteagaisc nó trí fhreastal ar rang beo ar líne ar Zoom.
Conas an tsraith seo a úsáid
- Féach ar fhíseán amháin ag an am.
- Éist ar dtús, agus nuair a bheidh tú eolach ar na habairtí, déan iad a athrá gan an taifeadadh a stopadh. Cabhróidh sé seo leat tuiscint a fháil ar rithim agus ar fhuaimeanna na Gaeilge.
- Ná bíodh imní ort faoi gach focal a fhuaimniú i gceart – tiocfaidh sé sin le himeacht ama.
- Is fearr thart ar 15 nóiméad sa lá a chaitheamh ag féachaint ar fhíseán amháin, seachas uair nó dhó an chloig a chaitheamh ag an am céanna ag iarraidh an t-ábhar a fhoghlaim.

Na cúiseanna a n-oibríonn sé
- Gaeilge dhúchasach, nádúrtha atá i gceist mar a labhraíonn cainteoirí líofa í sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.
- Tá tú ag labhairt agus ag athrá na teanga go gníomhach, seachas a bheith ag léamh nó ag déanamh staidéar ar an ngramadach amháin.
- De bhrí gur físeáin ghearra atá i gceist, tá sé níos fusa cleachtadh a dhéanamh go rialta, fiú agus sceideal gnóthach agat.
- Cuidíonn an t-athrá le focail nua agus patrúin abairtí cloí fanacht i do chuimhne.
- Tagann feabhas ar fhuaimniú na teanga, ar do rithim agus ar do thuiscint ar an nGaeilge labhartha ó bheith ag éisteacht le cainteoirí dúchais.
- Éiríonn tú níos muiníní go tapa de bhrí go bhfaigheann tú máistreacht ar fhrásaí gearra, praiticiúla is féidir leat a úsáid láithreach.
- Bíonn ceachtanna beaga i bhfad níos inláimhsithe agus níos spreagúla, rud a fhágann go mbíonn sé níos fusa cloí leis an staidéar leanúnach.
Noda chun Gaeilge níos fearr a labhairt
- Ná bíodh imní ort ar dtús faoi cheann de na trí phríomhchanúint Ghaeilge a roghnú – bíonn meascán canúintí ag an gcuid is mó de lucht foghlama na teanga.
- Foghlaim frásaí iomlána seachas focail aonair. Tá sé níos úsáidí, mar shampla, fios a bheith agat conas tú féin a chur in aithne nó buíochas a ghabháil le duine ná a bheith in ann cineálacha éagsúla bia a ainmniú. Tá struchtúr abairtí Gaeilge difriúil leis an mBéarla, mar sin tá sé i bhfad níos éifeachtaí blúirí cainte a fhoghlaim.
- Éist leis an teanga i gcónaí. An botún is mó a dhéanann foghlaimeoirí ná níos mó ama a chaitheamh ag léamh na teanga seachas a bheith ag éisteacht léi.
- Le haghaidh tuilleadh nod faoi labhairt na Gaeilge, féach ar ár gCeisteanna Coitianta.
Foghlaim Gaeilge ar líne le Gaelteanga
Tá na habairtí atá atá i gceist in A Taste of Irish in < 30 seconds! le fáil i gcúrsaí féinstaidéir Ghaelteanga ag Bonnleibhéal 1 (A1) agus ag Bonnleibhéal 2 (A2). Más mian leat staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge agus a bheith níos muiníní ag labhairt na teanga, cláraigh inniu do cheann dár gcúrsaí ag Leibhéal A1 nó Leibhéal A2.
Ceacht 1: Beannachtaí 1
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Cén chaoi a bhfuil tú?
Conas atá tú?
Cad é mar atá tú?
Ceacht 2: Beannachtaí 2
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Cén chaoi a bhfuil tú?
Tá mé go maith, go raibh maith agat. Agus tú féin?
Tá mé go breá.
Ceacht 3: Tagairt don aimsir
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
te / an-te
fuar / an-fhuar
fliuch / an-fhliuch
Ceacht 4: Slán a fhágáil 2
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Slán.
Slán go fóill.
Slán agat.
Slán leat. Feicfidh mé amárach thú.
Feicfidh mé ar ball thú.
Feicfidh mé gan mhoill thú.
Ceacht 5: Ag fiafraí cé as do dhuine
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Cé as thú?
Cad as duit?
Cé as tú?
Ceacht 6: A rá cé as tú
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Is as Béal Feirste mé.
Is as Baile Átha Cliath dom.
Is as Corcaigh ó dhúchas mé.
Is as Luimneach ó dhúchas dom.
Ceacht 7: A rá cad is ainm duit
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Sinéad is ainm dom.
Sinéad an t-ainm atá orm.
Cad is ainm duit?
Cén t-ainm atá ort?
Ceacht 8: Buíochas a ghabháil le duine
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Go raibh maith agat.
Ná habair é.
Go ndéana a mhaith duit.
Níl a bhuíochas ort.
Ceacht 9: Daoine a chur in aithne
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Seo é Liam.
Seo í Caitríona.
Seo iad Dara agus Caoimhe.
Tá sé go deas bualadh leat.
Tá sé go deas bualadh libh.
Ceacht 10: A rá cén náisiúntacht atá agat 1
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Is Éireannach mé.
Is Albanach mé.
Is Breatnach mé.
Is Sasanach mé.
Ceacht 11: A rá cén náisiúntacht atá agat 2
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
An Iodálach thú?
Is ea.
An Ceanadach thú?
Ní hea – is Meiriceánach mé.
Francach
Gearmánach
Spáinneach
Portaingéalach
Ceacht 12: Ocras agus tart
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Tá ocras orm.
Tá tart orm.
An bhfuil ocras ort?
An bhfuil tart ort?
Níl.
Ceacht 13: Deoch a thairiscint do dhuine
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Cad ba mhaith leat?
Cad a bheidh agat?
Pionta Guinness, le do thoil.
Gloine bheorach, le do thoil.
Gloine uisce bheatha, le do thoil.
Gloine fíona, le do thoil.
Fíon dearg.
Fíon geal.
Ceacht 14: Sláinte duine a ól
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Sláinte!
Sláinte mhaith!
Sláinte na mban.
Comhghairdeas leat.
Comhghairdeas libh.
Ceacht 15: A rá cad atá mícheart leat
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Cad atá ort?
Tá póit uafásach orm.
Tá tinneas cinn orm.
Tá slaghdán orm.
Tá pian i mo bholg.
Á, a chréatúir!
Ceacht 16: Teangacha 1
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Cé mhéad teanga atá agat?
Cé mhéad teanga iasachta atá agat?
Dhá cheann – Gaeilge agus Béarla.
Trí cinn – Fraincis, Spáinnis agus Gearmáinis.
Ceacht 17: Teangacha 2
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
An bhfuil Gaeilge líofa agat?
Tá – tá mé an-líofa.
Níl.
Tá Fraincis líofa agam.
Iodáilis / Tá beagán Iodáilise agam.
Tá Gearmáinis réasúnta maith agam.
Níl teangacha iasachta ar bith agam.
Ceacht 18: Cumas ceoil
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
An bhfuil ceol agat?
Tá.
Níl.
Tá bua an cheoil aige.
Tá bua an cheoil aici.
Tá féith an cheoil ann.
Tá féith an cheoil inti.
Ceacht 19: Cineálacha ceoil
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
An maith leat ceol clasaiceach?
Is maith.
Ní maith.
Is maith liom ceol traidisiúnta.
Is aoibhinn liom popcheol.
Is breá liom rac-cheol.
Ní maith liom snagcheol.
Ceacht 20: Stádas pósta
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
An bhfuil tú pósta?
Tá.
Níl.
Tá mé pósta.
Níl mé pósta – tá mé singil.
Tá mé colscartha.
Is baintreach mé.
Ceacht 21: Fáil amach an bhfuil páistí ag duine
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
An bhfuil clann agat?
An bhfuil páistí agat?
Níl.
No.
Tá – tá páiste amháin agam.
Tá mac amháin agus iníon amháin agam.
Tá beirt mhac agus triúr iníonacha agam.
Ceacht 22: Baill éagsúla den teaghlach a chur in aithne
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
athair / Seo é m’athair.
máthair / Seo í mo mháthair.
deartháir / Seo é mo dheartháir Máirtín.
deirfiúr / Seo í mo dheirfiúr Anna.
mac agus iníon / Seo iad mo mhac agus m’iníon.
Ceacht 23: Slán a fhágáil 2
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Oíche mhaith.
Codladh sámh.
Slán abhaile.
Go dté tú slán.
Ádh mór ort.
Ceacht 24: Obair 1
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Cén post atá agat?
Is …. mé.
Is múinteoir mé.
Is altra mé.
freastalaí
dochtúir
tógálaí
feirmeoir
Ceacht 25: Obair 2
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Is post lánaimseartha é.
Is post páirtaimseartha é.
Is post buan é.
An post sealadach é?
Is ea. / Ní hea.
Ceacht 26: Obair 3
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
An dtaitníonn do phost leat?
Taitníonn.
Ní thaitníonn.
Is breá liom é.
Ní thaitníonn sé liom ar chor ar bith.
Is fuath liom é.
Tá sé an-leadránach.
Ceacht 27: Deartháireacha agus deirfiúracha
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
An bhfuil deartháir nó deirfiúr ar bith agat?
Níl – is páiste aonair mé.
Tá – tá deartháir amháin agam.
Tá deirfiúr amháin agus deartháir amháin agam.
Tá beirt deartháireacha agam.
Tá triúr deirfiúracha agam.
Ceacht 28: A rá cé leis a bhfuil cónaí ort
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Tá mé i mo chónaí i m’aonar.
Tá mé i mo chónaí le mo bhuachaill.
Tá mé i mo chónaí le mo chailín.
Tá mé i mo chónaí in árasán le beirt eile.
Tá mé ag roinnt tí le triúr eile.
Ceacht 29: Fiafraí de dhuine cá bhfuil cónaí air
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Cá bhfuil tú i do chónaí?
cathair / Tá mé i mo chónaí i lár na cathrach.
Tá mé i mo chónaí ar imeall na cathrach.
baile / Tá mé i mo chónaí i mbaile beag.
Tá mé i mo chónaí faoin tuath.
Tá mé i mo chónaí cois farraige.
Ceacht 30: Fáil amach cén t-am atá sé
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Cén t-am atá sé?
Tá sé …
a haon a chlog.
a dó a chlog.
a trí a chlog.
a ceathair a chlog.
a cúig, a sé, a seacht, a hocht, a naoi, a deich, a haon déag, a dó dhéag
Ceacht 31: Socruithe a dhéanamh
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Cén t-am a bhuailfimid le chéile?
Buailfidh mé leat …
ag meán lae.
ag ceathrú tar éis a haon.
ag leathuair tar éis a ceathair.
ag ceathrú chun a hocht.
Ceacht 32: Comhghairdeas a dhéanamh le duine
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Comhghairdeas leat!
Maith thú féin!
Maith an fear!
Maith an bhean!
Mo cheol thú!
Ceacht 33: Beannachtaí a ghuí ar dhuine
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Lá breithe sona duit!
Breithlá sona duit!
Go n-éirí go geal leat.
Go maire sibh bhur saol nua.
Go maire sibh bhur nuaíocht.
Ceacht 34: Frásaí is féidir leat a úsáid le páistí
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Bí ciúin! / Bígí ciúin!
Ná bí dána! / Ná bígí dána!
Suigh síos! / Suígí síos!
Ith do dhinnéar! / Ithigí bhur ndinnéar!
Ceacht 35: Ag caint faoin ngrá
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Tá mé i ngrá leat.
Tá mo chroí istigh ionat.
Is tú grá geal mo chroí.
Tá mé dúnta i ngrá leis.
Tá mé dúnta i ngrá léi.
Ceacht 36: Téarmaí geana
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
a Róisín, a stór
a Liam, a thaisce
a chroí
a rún
a rún mo chroí
Ceacht 37: Leithscéal a ghabháil
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Gabh mo leithscéal.
Tá brón orm.
Tá an-bhrón orm faoi sin.
Tá brón orm go bhfuil mé déanach.
Tá cathú orm.
Tá mé iontach buartha.
Ceacht 38: An chuma atá ar dhaoine 1
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Cén chuma atá air?
Cén chuma atá uirthi?
Tá sí ard agus tanaí.
Tá sé beag agus ramhar.
Tá sí an-dathúil.
Tá sé an-dóighiúil.
Tá gruaig fhada uirthi.
Tá gruaig ghearr air.
Ceacht 39: An chuma atá ar dhaoine 2
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Tá gruaig fhada dhubh uirthi.
Tá gruaig fhada fhionn uirthi.
Tá gruaig ghearr dhonn air.
Tá féasóg fhada liath air.
Ceacht 40: Aclaíocht agus spórt
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Tá mé an-aclaí.
Níl mé aclaí ar chor ar bith.
Téim ag rith dhá uair sa tseachtain.
Téim ag siúl go minic.
Imrím peil agus leadóg.
Imrím galf.
Ceacht 41: Tréithe dearfacha
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Is duine cairdiúil é.
Is duine cineálta í.
Is duine ionraic é.
Is duine fial í.
dearfach
béasach
foighneach
díograiseach
Ceacht 42: Tréithe diúltacha
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Is duine leisciúil é.
Is duine drochbhéasach í.
Is duine mí-ionraic é.
Is duine sotalach í.
suarach
santach
mífhoighneach
éadmhar
Ceacht 43: Mothúcháin dhearfacha
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Tá mé sona sásta.
Tá mé ar mo sháimhín só.
Tá mé ar bís.
Tá áthas an domhain orm.
Tá mé dóchasach.
Ceacht 44: Mothúcháin dhiúltacha
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Tá mé brónach.
Tá mé in ísle brí.
Tá fearg orm.
Tá eagla orm.
Bhí mé trína chéile.
Bhí náire orm.
Bhí imní orm.
Ceacht 45: Laethanta na seachtaine
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh
Ceacht 46: Codanna de laethanta éagsúla
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Tháinig mé ar ais maidin Dé Luain.
Feicfidh mé tú tráthnóna Dé Máirt.
Beidh mé ar ais oíche Dé hAoine.
Beimid ar ais tráthnóna Dé Sathairn.
Tá mé ag dul ansin don deireadh seachtaine.
Ceacht 47: Tíortha éagsúla 1
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
an Spáinn / sa Spáinn
an Fhrainc / sa Fhrainc
an Iodáil / san Iodáil
an Ghearmáin / sa Ghearmáin
Albain / in Albain
Sasana / i Sasana
Ceacht 48: Tíortha éagsúla 2
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Bhí mé sa Spáinn don deireadh seachtaine.
Bhí mé sa Fhrainc ar feadh cúpla lá.
seachtain / Bhí mé san Iodáil ar feadh seachtaine.
coicís / Bhí mé sa Ghearmáin ar feadh coicíse.
mí / Bhí mé in Albain ar feadh míosa
Ceacht 49: Cineálacha bia 1
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Is maith liom bia spíosrach.
Is breá liom glasraí úra.
Is aoibhinn liom seacláid.
Ní maith liom bia mara.
Is fuath liom feoil.
Ceacht 50: Cineálacha bia 2
Tosaigh ag labhairt na Gaeilge anois leis na frásaí simplí, úsáideacha laethúla seo.
Is maith liom bia Francach.
Is breá liom bia Iodálach.
Is aoibhinn liom bia Síneach.
Ní maith liom bia Meicsiceach.
Is fuath liom bia Meiriceánach.
