Treoir maidir le hAcmhainní ar Líne don Scríbhneoireacht sa Ghaeilge
Uirlisí agus acmhainní iontaofa a chabhróidh leat an Ghaeilge a scríobh agus a labhairt ar bhealach níos muiníní.
D’aon duine atá ag foghlaim na Gaeilge nó ag scríobh na teanga, tá roinnt acmhainní den scoth agus iontaofa ar fáil ar líne saor in aisce, agus is iad focloir.ie agus teanglann.ie na cinn is tábhachtaí díobh. Cabhróidh siad seo leat do litriú a sheiceáil, an ghramadach a thuiscint agus na focail chearta a aimsiú go muiníneach.
Is foclóir cuimsitheach Gaeilge–Béarla agus Gaeilge-Gaeilge é focloir.ie ina gcuirtear ar fáil aistriúcháin shoiléire, taifeadtaí fuaime, nótaí gramadaí agus abairtí samplacha, rud a fhágann go bhfuil sé thar a bheith úsáideach do dhaoine atá ag foghlaim na teanga.
Tá foclóirí mionsonraithe Gaeilge ar fáil ar teanglann.ie, le cois fuaimniú focal ó na trí phríomhchanúint – Gaeilge Uladh, Gaeilge Chonnacht agus Gaeilge na Mumhan – rud a chuireann ar chumas an fhoghlaimeora teacht go héasca ar fhoghraíocht chruinn cheart.
Físeán 1: focloir.ie (Cuid 1)
Sa tsraith seo, cuireann Éamonn Ó Dónaill ó Ghaelteanga treoir ar fáil maidir leis an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní ar líne atá ar fáil dóibh siúd a bhíonn ag scríobh na Gaeilge.
0:00 Forbhreathnú ar focloir.ie
0:35 An fáth ar fiú an acmhainn seo a úsáid
0:50 An teanga réamhshocraithe a athrú
1:00 Focal a chuardach
1:44 Eolas faoi ghramadach
2:43 Nathanna cainte a chuardach
2:59 Comhaid fuaime
3:29 Buntáiste na gcomhad fuaime
Físeán 2: focloir.ie (Cuid 2)
Sa tsraith seo, cuireann Éamonn Ó Dónaill ó Ghaelteanga treoir ar fáil maidir leis an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní ar líne atá ar fáil dóibh siúd a bhíonn ag scríobh na Gaeilge.
0:00 An leagan Gaeilge de bhriathar a aimsiú
0:16 Eolas cuimsitheach faoi ghramadach briathair
0:32 An aimsir chaite mar réamhshocrú
0:43 Ainm briathartha agus aidiacht bhriathartha
0:54 Pearsana agus foirmeacha éagsúla an bhriathair
1:50 Aimsirí agus modhanna sa roghchlár anuas
2:13 Eolas faoi aidiachtaí
3:04 Eolas faoi réamhfhocail
Físeán 3: focloir.ie (Cuid 3)
Sa tsraith seo, cuireann Éamonn Ó Dónaill ó Ghaelteanga treoir ar fáil maidir leis an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní ar líne atá ar fáil dóibh siúd a bhíonn ag scríobh na Gaeilge.
- 0:00 Treoir don Chuardach Casta
- 0:22 ‘Interest’ a chuardach sa réimse ‘Airgeadas’
- 0:56 ‘Net’ a chuardach sa réimse ‘Airgeadas’
- 1:26 ‘Net’ a chuardach sa réimse ‘Spórt’
- 1:49 ‘The French’ a chuardach
- 2:32 Gach sampla a aimsiú de ‘word’ mar chuid de fhrása
- 3:09 Gach sampla de ‘maidin’ a aimsiú mar chuid d’abairtí samplacha
- 3:43 Samplaí d’úsáid cheart a aimsiú agus rialacha gramadaí a sheiceáil
- 3:53 ‘Roimh na Nollag’ vs ‘roimh an Nollaig’
- 4:36 ‘Na mílte daoine’ vs ‘na mílte duine’
- 5:17 Na rialacha a bhaineann le ‘beirt’ + ainmfhocal
- 5:28 ‘Control’ + ‘F’ a úsáid
- 6:13 Na rialacha a bhaineann le ‘beirt’ + ainmfhocal (ar lean.)
Físeán 4: teanglann.ie (Cuid 1)
Sa tsraith seo, cuireann Éamonn Ó Dónaill ó Ghaelteanga treoir ar fáil maidir leis an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní ar líne atá ar fáil dóibh siúd a bhíonn ag scríobh na Gaeilge.
- 0:00 Forléargas ar teanglann.ie
- 0:20 Foclóirí, gramadach agus fuaimniú
- 0:51 Conas an leagan Gaeilge den suíomh a aimsiú
- 1:01 An t-ainmfhocal ‘ollamh’ sna foclóirí
- 2:12 Eolas a fháil faoi ghramadach an fhocail ‘ollamh’
- 2:56 Éisteacht le fuaimniú an fhocail ‘ollamh’
Leideanna don scríbhneoireacht i nGaeilge:
Tógann sé am scríobh go maith i nGaeilge, ach is mór an difear a dhéanann sé cloí le cúpla nós. Seo roinnt leideanna praiticiúla a chabhróidh le foghlaimeoirí bogadh ó “aistriúchán ón mBéarla” go scríobh níos nádúrtha i nGaeilge.
1. Léigh an Ghaeilge go rialta
Tagann scríbhneoireacht mhaith as ionchur maith. Léigh:
- ailt nuachta ar Tuairisc.ie
- scéalta agus blaganna ar Nós
- ábhar foghlama ó TG4 Foghlaim.
Cuideoidh fiú 10-15 nóiméad staidéir sa lá leat frásaíocht níos nádúrtha a fhoghlaim.
2. Bain úsáid cheart as foclóirí ar féidir brath orthu.
Ná cuardaigh focail aonair amháin – féach ar shamplaí agus ar nótaí gramadaí. Uirlisí úsáideacha:
- focloir.ie le haghaidh aistriúchán agus abairtí samplacha
- teanglann.ie le haghaidh fuaimniú focal agus gramadaí
- tearma.ie do stór focal teicniúil
Is minic a bhíonn frásaí samplacha níos luachmhaire ná an t-aistriúchán féin.
3. Cuardaigh é – in áit buille faoi thuairim a thabhairt
Bíonn go leor foghlaimeoirí ag brath an iomarca ar bhuille faoi thuairim agus iad ag scríobh na Gaeilge, go háirithe maidir le haimsirí an bhriathair, athruithe tosaigh agus foirmeacha neamhrialta. Ós rud é go bhfuil difríocht mhór idir gramadach na Gaeilge agus gramadach an Bhéarla, is minic a dhéantar na botúin chéanna arís agus arís eile mar thoradh ar bhuille faoi thuairim a thabhairt.
Tá sé i bhfad níos fearr foinsí iontaofa ar nós focloir.ie agus teanglann.ie a cheadú agus tú ag scríobh. Cuirtear ar fáil foirmeacha cearta, nótaí gramadaí agus abairtí samplacha ar na suíomhanna sin a léiríonn d’fhoghlaimeoirí conas a úsáidtear an Ghaeilge go nádúrtha.
Le himeacht ama, forbraíonn seiceáil rialta ar fhoinsí cruinne nósanna scríbhneoireachta i bhfad níos fearr ná mar a bhíonn i gceist agus tú ag brath ar d’eolas féin amháin.
4. Faigh máistreacht go luath ar chóras na mbriathra
Braitheann scríbhneoireacht mhaith sa Ghaeilge go mór ar chumas an fhoghlaimeora na briathra a úsáid i gceart. Dírigh go háirithe ar:
- an aimsir chaite, an aimsir láithreach agus an aimsir chaite
- foirmeacha na saorbhriathra (déantar, chonacthas)
- an chopail is vs an briathar bí
- ainmneacha briathartha (ag déanamh, ag imeacht).
5. Cloígh le habairtí gearra
Is minic a bhíonn cuma níos nádúrtha ar an nGaeilge nuair a scríobhtar abairtí gairide, soiléire.
In ionad abairtí fada casta i stíl an Bhéarla a scríobh atá lán le clásail éagsúla, is gnách go mbíonn sé níos nádúrtha sa Ghaeilge smaointe a bhriseadh síos ina gcodanna níos lú, níos inláimhsithe. Fágann sé seo do chuid scríbhneoireachta níos soiléire, níos fusa a thuiscint agus níos nádúrtha ó thaobh nathanna cainte de.
Déanann go leor foghlaimeoirí iarracht struchtúr abairtí an Bhéarla a aistriú go díreach go Gaeilge, rud a fhágann gur minic a bhíonn a gcuid abairtí ciotach agus róchasta.
Agus frásaí gairide á n-úsáid agat, is féidir leat díriú ar ghramadach chruinn, ar ord nádúrtha focal agus ar úsáid cheart briathra gan an iomarca a chur sa fhrása. I go leor cásanna, beidh sraith de fhrásaí simplí, dea-chumtha i bhfad níos éifeachtaí ná frása fada amháin ina ndéantar iarracht an iomarca a chur in iúl ag an am céanna.
6. Foghlaim blúirí den teanga seachas focail aonair
Foghlaim nathanna coitianta mar:
● i mo thuairimse: in my opinion
● de réir a chéile: gradually
● ní nach ionadh: no wonder
● de réir dealraimh: apparently
Fágann frásaí dá leithéid go mbíonn cuma níos líofa agus níos nádúrtha ar do chuid scríbhneoireachta.
7. Tabhair aird ar athruithe tosaigh
Is cuid bhunúsach den Ghaeilge scríofa iad an séimhiú agus an t-urú, agus tá ról mór acu i dtaca le prós soiléir, nádúrtha a scríobh. Toisc go bhfuil dlúthbhaint ag na hathruithe tosaigh le gramadach na Gaeilge, is féidir le hathruithe lochtacha nó easnamhacha cuma chiotach nó mhícheart a chur ar scríbhneoireacht mhaith, fiú.
Tá botúin i gcás athruithe tosaigh an-choitianta i measc foghlaimeoirí, ach má éiríonn leat iad a sheachaint, fágfaidh sé sin go mbeidh an méid a scríobhfaidh tú níos inléite agus níos sothuigthe. In ionad gach riail a chur de ghlanmheabhair, is minic gur éifeachtaí na patrúin choitianta a fhoghlaim trí bheith ag léamh go rialta agus trí Ghaeilge cheart a bheith le feiceáil agat.
8. Athscríobh do shaothar féin
Déanann scríbhneoirí maithe eagarthóireacht i gcónaí. Tar éis duit sliocht a scríobh as Gaeilge:
● déan abairtí a shimpliú
● faigh réidh le frásaíocht i stíl an Bhéarla
● seiceáil foirmeacha na mbriathra
● léigh os ard é.
Tá an léamh os ard thar a bheith úsáideach sa Ghaeilge, mar is furasta a aithint go tapa cén uair a bhíonn frásaíocht chiotach i gceist.
9. Bí ag éisteacht oiread agus a bhíonn tú ag scríobh
Is teanga labhartha í an Ghaeilge ar an gcéad dul síos agus cabhraíonn an éisteacht leis an scríbhneoireacht ar bhealach nádúrtha. Foinsí úsáideacha:
● TG4
● Raidió na Gaeltachta
● Raidió na Life
● Podchraoltaí Gaeilge agus cainéil YouTube i nGaeilge.
Dá mhéad Gaeilge nádúrtha a chloiseann tú, is ea is nádúrtha a bheidh an méid a scríobhfaidh tú.
10. Bí ag scríobh go minic, fiú ar bhonn teoranta
Tá an scríbhneoireacht rialta níos tábhachtaí ná fad na sleachta. Seo a leanas roinnt cleachtaí úsáideacha:
● iontrálacha dialainne laethúla
● cur síos gairid ar nithe éagsúla
● achoimriú ar fhíseáin nó ar ailt
● do chuid smaointe féin a aistriú go Gaeilge.
Cuidíonn fiú cúig abairt sa lá leat cur le do líofacht sa Ghaeilge.
